Stádas Árainn Mhór faoi bhagairt : Teanga theagaisc faoi chaibidil arís

31 ú Eanáir 2008
www.nuacht.com
Michelle Nic Phaidín


Tá bagairt ann nach mbeidh oileán Árainn Mhór sa Ghaeltacht a thuilleadh má ghlactar leis an gcinneadh oideachas meánscoile trí mheán an Bhéarla a chur ar fáil.
Dúirt an tAire Éamon Ó Cuív, inné, go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith á teagasc ar oileán Árainn Mhór má tá an t-oileán le fanacht sa Ghaeltacht.
D'impigh sé ar mhuintir an oileáin machnamh ar na himpleachtaí fadtéarmaacha a bheadh ann dá gcaillfeadh siad stádas Gaeltachta.
An Luan seo caite, tugadh cead do thuismitheoirí leanúint ar aghaidh lena gcás le go mbeadh Gaeilge á teagasc amach anseo i nGairmscoil Mhic Dhiarmada ar oileán Árainn Mhór.
Tugadh ordú coinneálach cúirte dóibh.
Dúirt an tAire ar Adhmhaidin, inné: 'Má tá faoi Árainn Mhór fanacht mar atá sé sa Ghaeltacht, ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an Ghaeilge maireachtáil agus teacht slán in Árainn Mhór.
'Tá na saineolaithe ag rá linne go bhfuil riachtanas ann go mbeidh tumoideachas ann trí mheán na Gaeilge.'
Cuireadh deireadh le teagasc na Gaeilge sa mheánscoil sin in 2001 i ndiaidh suirbhé a bheith déanta ar thuismitheoirí an oileáin. I dtrátha an ama sin, ní raibh an Ghaeilge á teagasc le roinnt blianta agus rinne an Coiste Gairmoideachais an cinneadh airgead a shábháil agus gan an t-airgead breise a chaitheamh ag fostú múinteoirí Gaeilge.
Anois, agus an scéal tagtha chun cinn go bhfuil cead an cás a throid, tá foireann dlí ag tabhairt faoi go fonnmhar.
Ag labhairt dó le Lá Nua inné, dúirt an comhairleoir dlí sinsearach, Colm McGeehan, go raibh impleachtaí ollmhór ag baint lena leithéid de chás a thógáil. Ar an fhoireann dlí chomh maith, tá Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Daithí Mac Carthaigh.
Dúirt sé: 'D'iarr tuismitheoirí oileán Árainn Mhór ar an Choiste Gairmoideachais Gairmscoil Mhic Dhiarmada, sé sin, an mheánscoil ar an oileán, a aistriú ar ais go Gaeilge. Bhíodh sé faoi anáil an Bhéarla leis na blianta cé gur osclaíodh an scoil mar scoil Ghealtachta.
Bhí daltaí a bhí ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ag freastal ar an mheánscoil i mBéarla. Sé sin an gearán a bhí ag na tuismitheoirí ann.
'Níor ghlac an Coiste Gairmoideachas leis an achainí a rinneadh leo. Tharla athbhreithniú Ardchúirte. Tá muidne den tuairim go bhfuil an Coiste Gairmoideachais ag sárú a ndualgas faoin Acht Oideachais. Bronnadh ordú coinneálach orainn ar na mallaibh.
'Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an Coiste Gairmoideachais léiriú dúinn nach bhfuil sé de dhualgas orthu iompú ar ais chun a bheith ag teagasc trí mheán na Gaeilge.
'Tá impleachtaí móra leis. Tá céisteanna ann a bhaineann le cearta tuismitheoirí, le cúrsaí bunreachtúla agus céist dhualgais an Choiste Gairmoideachais le cíoradh.'
Tá an cás curtha siar go dtí Feabhra 25.
Má eiríonn le tuismitheoirí an cás a bhaint, deir siad go gcurfear tús le teagasc na Gaeilge in 2009.
I láthair na huaire, tá pobal Chorca Dhuibhne ag plé cheist na teanga teagaisc in iar-bhunscoil ann.
Le breis is bliain, tá fochoiste de chuid Chomharchumann Árainn Mhór ag plé na ceiste agus roimh an Nollaig, chas toscaireacht le priomh-fheidhmeannach an Choiste Oideachais, Seán Ó Longáin.
Chuir siad ina láthair torthaí suirbhé a ndearnadh coimisiúnú air anuraidh agus a léirigh tacaíocht shuntasach don Ghaeilge.
Bhí 75% díobh siúd a d'fhreagair an suirbhé ar son na Gaeilge a thabhairt ar ais mar theanga theagaisc ar an oileán Gaeltachta.
Tá naíonra agus dhá bhunscoil ar an oileán ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid mar theanga theagaisc.
Tá grúpa pobail ar a dtugtar 'Concerned Parents for Education' ag troid na ceiste.
Sheol siad litir chuig an Chomharchumann áitiúil ag ceistiú thorthaí an tsuirbhé a rinneadh anuraidh agus ag maíomh, i measc rudaí eile, nach bhfuil múinteoirí le Gaeilge sa Ghairmscoil chun an múineadh trí Ghaeilge a thabhairt ar ais.