Staidear Teangeolaíoch - Thitfeadh daonra de réir chritéir nua

Cóipcheart © Foinse nuacht@foinse.ie
www.foinse.ie
Foinse - Príomhnuachtán Náisiúnta na Gaeilge
An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe
Márta 23 2008

Tá an t-alt seo bunaithe ar thaighde a rinne Donncha Ó hÉallaithe do Nuacht TG4



Foilsíodh tuairisc ar an ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht’ mí Dheireadh Fómhair seo caite, a bhí déanta ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad. Sa tuairisc bhí rangú déanta ar an 152 toghroinn (TR) nó páirt-toghroinn a bhfuil aitheantas oifigiúil Gaeltachta acu i láthair na huaire. Úsáideadh 3 chatagóir éagsúla leis an rangú a dhéanamh: A, B agus C. In Alt 6.5 den ‘Staidéar Teangeolaíoch’ moladh go mba chóir don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta na “critéir mheasúnaithe” atá sa tábla thíos, a fheidhmiú inter alia sa phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht: (Na Critéir Teanga atá Molta in Alt 6.5 den Staidéar Teangeolaíoch ar an nGaeltacht: féach tábla thíos) Nuair a cuireadh an tuairisc faoin staidéar le chéile ní raibh briseadh síos ar fáil ón Daonáireamh 2006 maidir le húsáid na Gaeilge sna toghranna éagsúla atá sa nGaeltacht oifigiúil ach tá anois. San anailís seo tá scagadh nua déanta ar 152 ceantar Gaeltachta, ag úsáid na bhfigiúirí ón Daonáireamh a tógadh mí Aibreán 2006 agus ag úsáid na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) don bhliain scoile 2006/07. De réir na gcritéar sa tábla thuas, bheadh daonra na Gaeltachta, roinnte isteach sna catagóirí A,B agus C do réir an tábla seo thíos: Daonra na Gaeltachta de réir na gCatagóirí Éagsúla (Féach thíos) Ní bheadh fágtha sa Ghaeltacht ach beagán faoi bhun 44,000 duine, níos lú ná leath den daonra atá ina gcónaí taobh istigh de theorann oifigiúil na Gaeltachta mar atá sé faoi láthair. Bheadh 17,000 sna ceantair is láidre (Catagóir A), thart ar 10,000 eile sna ceantair mheasartha (Catagóir B) agus 17,000 eile sna ceantair Ghaeltachta is laige ó thaobh úsáid na Gaeilge (Catagóir C). Bheadh daonra de 51,500 duine sna ceantair oifigiúla Ghaeltachta nach sásódh na bunchritéir atá leagtha síos sa Staidéar mar nach mbeadh ar a laghad 30% den daonra os cionn 3 bliana d’aois ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir an Daonáirimh nó nach mbeadh 10% ar a laghad de na teaghlaigh le gasúir scoile i dteideal deontas faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. An chuid is mó de na ceantair a bheadh fágtha amach, ní shásóidís ceachtar den dá chritéar atá molta. Léiríonn an tábla thuas an briseadh síos sna catagóirí éagsúla i ngach ceann de na contaetha Gaeltachta, dá bhfeidhmeofaí na critéir atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch. An Daonra de réir na gCatagóirí do gach Contae Gaeltachta ( féach tábla) Contae na Gaillimhe: Faoi láthair tá 45,000 duine ina gcónaí ann i gceantair le haitheantas Gaeltachta. Dá ndéanfaí teorainneacha na Gaeltachta a shocrú de réir na gcritéar nua atá molta, bheadh Gaeltacht na Gaillimhe ag cailliúnt 29,000 duine. 1. Cathair na Gaillimhe: Tá cónaí ar 14,000 duine i nGaeltacht na cathrach – Cnoc na Cathrach, Tír Oileáin agus eastáit eile mar iad. Chaillfeadh na heastáit seo aitheantas Gaeltachta. 2. Achréidh na Gaillimhe: Seo é an ceantar Gaeltachta atá taobh thoir den Choirib ina bhfuil 7,000 duine ina gcónaí. Tá sé an-lag ó thaobh úsáid na Gaeilge. I mBaile an Chláir níl ach 1% de na teaghlaigh le páistí ag fáil an deontais iomlán faoi SLG. Ní bheadh aitheantas Gaeltachta ag aon chuid den cheantar seo faoi na critéir atá molta. 3. Maigh Cuilinn agus Bearna: Chaillfeadh Maigh Cuilinn agus Bearna a stádas Gaeltachta – tá an dá áit gar don tairseach le 29% den daonra iontu ina gcainteoirí laethúla Gaeilge, ach le 5% de na teaghlaigh le páistí scoile ag fáil an deontais iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge, tá sé seo ró-íseal le stádas Gaeltachta a fháil. 4. An Spidéal: Bheadh stádas Catagóir B ag An Spidéal agus ag an leath thoir de Pharóiste an Chnoic idir Abhainn an Spidéil agus Siopa an Phobail. Is é seo an pobal as ar fáisceadh na scríbhneoirí cáiliúla Gaeilge Máirtín Ó Cadhain agus Joe Steve Ó Neachtain. 5. Na Forbacha: Bheadh sé i C le 45% den pobal ina gcainteoirí laethúla agus 15% de na teaghlaigh le gasúir iontu ag fáil an deontais iomlán faoi SLG. 6. Conamara Theas: Bheadh stádas A ag an gceantar go léir ó Shiopa an Phobail siar le cósta chomh fada le Carna agus Oileáin Árann san áireamh, le daonra 11,000 ann. 7. Dúiche Sheoighe: Stádas B a bheadh ag Corr na Móna. Stádas C a bheadh ag an gceantar thart ar an Mám agus ag Bun an Chnoic. Chaillfeadh An Fhairche a stádas Gaeltachta mar nach bhfuil ach 5% de na teaghlaigh sa gceantar ag fáil an deontais iomlán faoi SLG. Mar a chéile leis an gceantar a shíneann ó Sheana Fearachán siar i dtreo An Líonáin. 8. Tuaisceart Chonamara: Chaillfeadh Inis Ní agus na pócaí eile thart ar Cloch na Rón an stádas Gaeltachta chomh maith leis an gCaiseal. Contae Mhaigh Eo Dá gcuirfí na critéir i bhfeidhm i Maigh Eo laghdófaí daonra na Gaeltachta ó bheagán faoi bhun 11,000 go beagán os cionn 2,000 duine. 1. Iorras: Chaillfeadh na ceantair seo a leanas a stádas Gaeltachta: Acaill, Gaoth Sáile, Béal an Mhuirthead agus an chuid is mó de cheantar Iorrais, seachas an Eachléim, Ros Dubhach agus Ceathrú Thaidhg. 2. An Cheathrú Thaidhg: Cé nach mbeadh aon cheantar i Maigh Eo leis an stádas Gaeltachta is airde, ní bheadh An Cheathrú Thaidhg i bhfad as, ceantar a bhfuil 65% de na teaghlaigh le leanaí ag fáil an deontais iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge agus 64% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Bheadh sé réasúnta éasca don cheantar seo stádas A a bhaint amach ach líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú beagán. 3. Ros Dubhach: Bheadh aitheantas ag Moing na Bó, an toghroinn ina bhfuil Ros Dubhach mar Ghaeltacht de Chatagóir C. Gan ach 32% den daonra ina gcainteoirí laethúla, tá an ceantar gar go maith don tairseach is isle le haghaidh aitheantas Gaeltachta. Tá comhartha ceiste ann faoi fhigiúr SLG mar go raibh 5 theaghlach fós le scrúdú. Sa gcás nach gcáileodh ach 3 theaghlach nó níos lú bheadh an sciar de na teaghlaigh sa gceantar ag fáil an deontais iomlán SLG faoi bhun an tairseach 10% atá molta do cheantar i gCatagóir C. 4. An Eachléim: Bheadh an ceantar thart ar an Eachléim i dteideal stádas Gaeltachta ag leibhéal C. Dá mbeadh dhá theaghlach eile sa toghroinn ag cáiliú faoi dheontas SLG bheadh an ceantar i dteideal aitheantas i gCatagóir B. 5. Deisceart Mhaigh Eo: Shásódh an dá cheantar thart ar Choill an tSiáin agus thart ar Fionnaithe na critéir do Chatagóir C, ach ní cháileodh Tuar Mhic Éadaigh mar nach bhfuil ach 8% dena teaghlaigh le páistí scoile sa togha roinn ina bhfuil sé lonnaithe, ag fáil deontais iomlán na scéime. Co Chiarraí: 1. Deisceart Chiarraí: Chaillfeadh Uíbh Ráthach ar fad a stádas Gaeltachta. Cé go bhfuil roinnt toghranna ann a n-éiríonn leo bunchritéar amháin a shásamh, ní éiríonn le haon áit an dá chritéar a shásamh. Mar shampla tá 29.5% den daonra i mBaile an Sceilg ag úsáid na Gaeilge go laethúil ach ní bhfuair ach teaghlach amháin as 30 teaghlach le páistí scoile an deontas iomlán faoin SLG. 2. An Daingean: An baile i gCorca Dhuibhne ina bhfuil conspóid faoina ainm a bheith i nGaeilge agus faoi theanga teagaisc na pobalscoile nua, níl ach 28% den daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge ann agus ní fhaigheann ach 6% de na teaghlaigh le páistí scoile deontas iomlán SLG. Bheadh An Daingean i dteideal cáiliú mar bhaile seirbhíse Gaeltachta ach coinníollacha áirithe a shásamh. 3. Corca Dhuibhne: Seachas an Daingean agus dhá cheantar bheaga ar a dtugtar an Baile Dubh agus an Sráidbhaile, choinneodh leithinis Corca Dhuibhne a stádas Gaeltachta ach ní bheadh an stádas is airde ach ag Dún Chaoin agus ag Chill Chuáin, an ceantar thart ar an bhFeothanach. Stádas B a bheadh ag an gceantar a shíneann ó Bhaile na nGall thart le Cuan Ard na Caithne go Baile an Fheirtéaraigh chomh fada leis an nGráig. Tá leibhéal úsáid na Gaeilge go laethúil sa cheantar seo os cionn 67%, ach ní leor an líon teaghlach atá ag fáil an deontais iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge le stádas A a thuilleamh. I mBaile an Fheirtéaraigh tá 76.5% den daonra ag úsáid na Gaeilge go laethúil ach níl ach 52% de na teaghlaigh le páistí scoile sa gceantar ag fáil deontas iomlán SLG. Dá mbeadh 4 theaghlach eile ag fáil deontas iomlán SLG, bheadh an ceantar cáilithe mar Ghaeltacht le Stádas A. Theastódh dhá theaghlach breise le páistí le iompó ar an nGaeilge i gceantar Muiríoch/Baile na nGall agus ní theastódh ach teaghlach amháin breise i Márthain, le go mbeadh stádas A ag an dá cheantar sin. Co Dhún na nGall: 1. Iarthuaisceart an Chontae: Stádas A a bheadh ag an trí toghroinn Gort a’Choirce, Mín an Chladaigh agus Machaire an Chlochair, sé sin an ceantar thart ar Ghaoth Dobhair ag síneadh le cósta ó thuaidh go Cnoc Fola chomh fada le Gort an Choirce. Bheadh daonra de 5,600 sa gceantar seo. 2. Na Bailte Móra: Is i gCatagóir C a bheadh Cill Chárthaigh mar nach bhfuil ach 26% ag fáil an deontais iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge ach chaillfeadh na bailte móra eile An Clochán Liath agus Ailt an Chorráin a stádas Gaeltachta, gan ach 21% agus 14% den daonra faoi seach ina gcainteoirí laethúla Gaeilge iontu. 3. Catagóir B: Bheadh 3,900 duine eile ina gcónaí i gceantair le Stádas B in Árainn Mhór, Baile na Finne, Dún Lúiche, Anagaire agus Cró Bheithe. Le go mbeadh Stádas A ag Rann na Feirsde theastódh an toghroinn a bhriseadh suas agus idirdhealú a dhéanamh idir na bailte is láidre agus na cinn nach bhfuil chomh láidir sin. Ní fhéadfadh an anailís seo an t-idirdhealú sin a dhéanamh. 4. Iardheisceart Dhún na nGall : Ní bheadh stádas Gaeltachta ag an gceantar a shíneann ó Ard an Rátha siar ó dheas trí Ghleann Gheis chomh fada le Cill Chárthaigh. Cé go gcoinneodh Teileann, An Charraig agus Gleann Colmcille stádas Gaeltachta faoi Chatagóir C, ní hamhlaidh don Málainn Bhig, a bhfuil úsáid na Gaeilge ró-íseal le stádas a choinneál. 5. An Ghaeltacht Láir: Bheadh stádas B ag Baile na Finne agus stádas C ag na toghroinn Alt na Péiste, An Clochán agus An Grafadh. 6. Tuaisceart Dhún na nGall: Fánaid an t-aon áit a choinneodh an t-aitheantas Gaeltachta. Ní shásódh Ros Guill, an ceantar ina bhfuil na Dúnaibh suite, na critéir teanga do cheantar Gaeltachta mar nach bhfuil ach beagán le cois 9% de na teaghlaigh le gasúir scoile iontu ag fáil an deontais iomlán faoi SLG. Co Chorcaí: 1. Múscraí: Bheadh Gort na Tiobratan, an toghroinn ina bhfuil Cúil Aodha suite, á rangú i gCatagóir B agus bheadh an cuid eile de Ghaeltacht Mhúscraí faoi C, ach amháin cuid bheag de Bhéal Átha an Ghaorthaidh ina bhfuil 220 duine ina gcónaí. Roinnt de na ceantair, tá siad gar go maith don tairseach 30% de chainteoirí laethúla. Tá 31% de chainteoirí laethúla ag Cill na Martra agus níl ach 11% de na teaghlaigh cáilithe ag fáil deontas SLG i nDoire Fhinghín. 2. Oileán Chléire: Le 41% den daonra ina gcainteoirí laethúla agus 44% de na teaghlaigh le páistí ag fáil an deontais iomlán faoi Scéím Labhairt na Gaeilge bheadh sé i C ach gar go maith do Chatagóir B. Co Phort Láirge: 1. Tá Gaeltacht Phort Láirge déanta suas de thrí thoghroinn: An Rinn, Baile Mhac Airt agus an Aird Mhór. Is é an Rinn an t-aon cheantar díobh a shásódh an dá chritéar atá molta do Chatagóir C. Ní shásódh An Aird Mhór ceachtar den dá chritéar. Cé go sásódh Baile Mhac Airt an critéar maidir le cainteoirí laethúla Gaeilge, níl ach 5% de na teaghlaigh le páistí scoile ag cáiliú faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. Bheadh daonra Ghaeltacht na Déise laghdaithe go 1176 duine. Co na Mí: 1. Ráth Chairn: Trí thoghroinn atá ann - An Ráth Mór, Cill Bhríde agus Baile Átha Buí. Bheadh stádas B ag an Ráth Mór, ceantar ina bhfuil beagnach leath de na teaghlaigh le gasúir scoile ag fáil an deontais iomlán faoi SLG. Choinneodh an dá thoghroinn eile a stádas C, cé go bhfuil Cill Bhríde le 31% de chainteoirí laethúla, an-ghar don tairseach is ísle don chatagóir sin. 5. Baile Ghib: Dhá thoghcheantar atá ann. Coinneodh Domhnach Phádraig a stádas Gaeltachta ach ar éigean, le 11% de na teaghlaigh le páistí ag fáil deontas iomlán SLG agus gan ach 31% de chainteoirí laethúla sa gceantar. Ach chaillfeadh Tailtín an stádas Gaeltachta. Fós bheadh 600 duine i nGaeltacht Bhaile Ghib. Conclúid Níor mhiste a shoiléiriú gur critéir a bhí molta le húsáid inter alia mar “critéir mheasúnaithe don phróiseas pleanála teanga” sa Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (Alt 6.5), atá curtha ag obair agam ar na staitisticí is deireanaí atá ar fáil faoi úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tugann an anailís atá déanta anseo, léargas ar an gcrot a bheadh ar an nGaeltacht dá gcuirfí i bhfeidhm an dá chritéar staitisticiúla atá molta sa Staidéar Teangeolaíoch: céatadán an phobail a úsáideann Gaeilge go laethúil agus céatadán na dteaghlach le páistí scoile atá ag fáil an deontais iomlán faoi Scéim Labhairt na Gaeilge. Tá na moltaí sa Staidéar Teangeolaíoch curtha faoi bhráid Coiste Airí faoi Chathaoirleacht Brian Cowen. Tá na moltaí faoi na critéir éagsúla in Alt 6.5 den tuarascáil ar an Staidéar réadúil, ciallmhar agus cliste. Mar chuid de phróiseas pleanála teanga, thabharfadh na catagóirí éagsúla spreagadh do phobail Ghaeltachta, stádas níos airde a bhaint amach nó gan an stádas a bheadh acu cheana a chailliúnt. Ar an gcaoi chéanna bíonn foirne peile is iománaíochta ag déanamh a ndícheall le fanacht sa roinn is airde. Ghríosfadh na catagóirí A, B agus C spreagadh do na pobail Ghaeltachta a stádas a chosaint nó a fheabhsú thar am. Tá an Ghaeltacht curtha as riocht ag an méid di nár cheart a bheith áirithe mar Ghaeltacht. Tá níos mó daoine i gCathair na Gaillimhe ina gcónaí sa nGaeltacht, mar dhea, ná mar atá i nDeisceart Chonamara ó na Forbacha chomh fada siar le Carna. Teacht an chéad toghchán eile le baill a thoghadh ar Údarás na Gaeltachta, is mó na vótaí a bheas i gCathair na Gaillimhe ná sna ceantair Fhíorghaeltachta. Is scannal é nach bhfuil an scéal curtha ina cheart fós ag an Aire Éamon Ó Cuív, tar éis deich mbliana dá aireacht ag an nGaeltacht. Faoin reachtaíocht is féidir teorainneacha na Gaeltachta a athrú le hOrdú Rialtais. Ach ní obair í sin ar cheart a fhágaint faoi pholaiteoirí amháin, mar nach mbeidís ag iarraidh a gceantair féin a dhíbirt as an nGaeltacht. Fágtar socrú na nDáilcheantar faoi choimisiún neamhspleách. Mholfainn go mbunófaí Coimisiún de chúigear saineolaithe ar a mhéad, faoi chathaoirleacht Breitheamh Ard-Chúirte, le nuatheorainneacha na Gaeltachta a rianú i bhfianaise a bhfuil molta mar chritéir sa Staidéar Teangeolaíoch. I gcás an chuid is mó den 152 toghroinn bheadh sé soiléir cén stádas Gaeltachta ar cheart a bheith acu, ach bheadh ar an gCoimisiún mioneolas a fháil faoi roinnt de na toghranna, ar nós Anagaire i nDún na nGall agus Cill Cuimín (Uachtar Ard) ina bhfuil difríochtaí móra idir leath amháin den toghroinn agus an chuid eile, lena chinntiú go mbeadh aitheantas ceart tugtha do bhailte ar nós Rann na Feirsde i nDún na nGall agus Gleann Trasna i gConamara.