Plé ar mhórcheisteanna na Gaeilge ag Tóstal na Gaeilge 2008

4ú Márta 2008
© www.gaelport.com

Tháinig pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile an deireadh seachtaine seo caite, ag Tóstal na Gaeilge, mórócáid na Gaeilge 2008 a bhí ar siúl in Óstán an Galway Bay, i nGaillimh. 'Fíorú na Físe' a bhí mar theideal ar Thóstal na bliana seo, agus pléadh na mórchuspóirí atá aitheanta ag an Rialtas, ina Ráiteas i leith na Gaeilge, le linn an Tóstail.

Rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. an ócáid a oscailt go hoifigiúil, le linn a chuid cainte, dúirt sé "Go gcreideann an Rialtas seo, dá mbeadh 250,000 cainteoir laethúil Gaeilge ar oileán na hÉireann faoi cheann 20 bliain, agus dhá mhilliún duine le heolas ar an nGaeilge, go mbeadh an taoide casta. D'fhéadfaimis a bheith ag súil ansin go mbeadh an bunphobal a labhraíonn Gaeilge go laethúil sách láidir is gur fás amháin a bheadh i ndán don teanga. I ndeireadh na dála, is rogha don phobal í Gaeilge a labhairt nó gan í a labhairt."

Ar maidin Shathairn, labhair Seosamh Mac Donnacha, ó Acadamh na hOllscolaíochta, Gaeilge, faoi na príomh-mholtaí a tháinig ón taighde teangeolaíoch a foilsíodh le déanaí. Rinne Breandán Mac Cormaic, ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta cur i láthair ar an nGaeilge sa chóras oideachais, agus ansin rinne an Dr. Tadhg Ó hIfearnáin, léachtóir sinsearach le Gaeilge in Ollscoil Luimnigh, cur síos ar Ghníomhaíochtaí na nDaoine agus an Stáit agus é ag plé na Gaeilge sa phobal.

D'fhreastail na céadta ar Thóstal na Gaeilge na bliana seo, agus tháinig go leor moltaí chun cinn sna fóraim phlé a tionóladh ar thráthnóna Sathairn, rud a fhágann gur féidir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge guth an phobail a chur in iúl anois don Rialtas agus iad i mbun polasaí i leith na Gaeilge a bheartú don todhchaí.

Aithníodh na príomhriachtanais seo a leanas san fhóram a rinne plé ar cheist na Gaeilge sa Phobal:

Go mbeadh ionaid shóisialta don aos óg le Gaeilge lonnaithe go straitéiseach ar fud na tíre.
Go mbunófaí na Scéimeanna Pobail atá ann faoi láthair ar bhonn leanúnach agus go mbeadh ar a laghad scéim amháin ann do gach contae.
Go mbeadh Oifigigh Forbartha Gaeilge mar dhlúthchuid d'aon straitéis athnuachana.
Go mbunófaí fóram contae de na scéimeanna contae agus go gceanglódh siad sin isteach i bhfóram Náisiúnta.
Go gcuirfí tacaíocht ar bhonn cuimsitheach ar fáil do thuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge agus go mbeadh feachtas eolais ann a spreagfadh tuismitheoirí chuige sin.
Sa phlé ar an nGaeilge sa Chóras Oideachais tháinig na moltaí a leanas chun solais:

Go bhforbrófaí clár teagaisc do na Coláistí Oideachais agus na hOllscoileanna le spriocanna cinnte foghlama.
Gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán tá tacaí breise de dhíth anuas ar na tacaí atá ar fáil faoin scéim Tús Maith.
Go múinfí ar a laghad ábhar amháin eile trí Ghaeilge sna gnáthscoileanna de réir mholadh Harris agus taighde idirnáisiúnta is é seo an bealach is fearr le teanga a fhoghlaim agus a shealbhú.
Go gcaithfeadh ábhar oidí bliain iomlán sa Ghaeltacht tumtha sa teanga, ag meascadh leis an bpobal, agus ag déanamh cleachtadh múinteoireachta sna scoileanna áitiúla.
Go mbeadh Clár feasachta teanga ann do mhúinteoirí, le go dtuigfidís tábhacht na teanga, suíomh na Gaeilge i gcomhthéacs teangacha eile domhanda, agus go mbeidís in ann an tuiscint sin a theagasc ina gcuid scoileanna.
D'eascair na riachtanais agus na moltaí a leanas as an bplé ar an nGaeltacht:

Go bhfuil gá le pobal na Gaeltachta a choinneáil ar an eolas faoin bpleanáil teanga.
Gur gá cumarsáid a dhéanamh i mbealach nua agus tarraingteach leis an bpobal, mar shampla, nuachtlitir a scaipeadh ar thithe Gaeltachta go rialta.
Gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil an t-oideachas á sheachadadh sa Ghaeltacht.
Gur gá níos mó cumarsáide a dhéanamh agus díospóireacht a thosú le tuismitheoirí na Gaeltachta faoi na roghanna teanga atá ar fáil dóibh agus iad ag tógáil clainne.
Go ndéanfaí soiléiriú ar ról Údarás na Gaeltachta i leith cúrsaí teanga.
Polasaí teanga a leagan amach, a fhoilsiú agus a phoibliú.
Déanfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge na moltaí ar fad a tháinig chun cinn i rith an Tóstail a chur i dtoll a chéile agus a fhoilsiú go poiblí. Cuirfidh an Chomhdháil na moltaí seo faoi bhráid an Rialtais de réir spriocanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus iad ag beartú polasaí i leith na teanga don scór bliain atá amach romhainn. Is féidir tuilleadh eolais faoi na cainteoirí, agus faoi na hábhair a pléadh ag Tóstal na Gaeilge a fháil ar www.tostal.ie.