Cúrsaí & Ranganna Gaeilge

Cursaí Gaeilge TEG


Coláiste Árainn Mhóir

Bunaíodh Coláiste Árainn Mhóir beagnach 40 bliain ó shin chun an Ghaeilge a chothú agus a leathnú i measc mhuintir óg na tíre. Cuireann an Coláiste cúrsaí sultmhara ar fáil d’aos óg na tíre gach samhradh ar an oileán.

Is í an bhunaidhm atá ag na cúrsaí i gColáiste Árainn Mhóir ná meas a spreagadh agus a chothú don Ghaeilge agus don chultúr. Bíonn dhá sheisiún ann gach samhradh agus maireann na cúrsaí ó dheireadh mí Mheithimh go dtí lár Lúnasa. Is é Mánus Ó Luaitheirí ón Chloch Chorr, ach atá anois ina chónaí i mBaile Átha Cliath, atá i gceannas ar an choláiste. Tosaíonn an gnáthlá sa choláiste ar an 10.00 r.n. agus ní bhíonn na scoláirí críochnaithe go dtí an 10.00 san oíche.
Is féidir tuilleadh eolais i dtaca le himeachtaí an choláiste a fháil ó:

Mánus Ó Luaitheirí
Teileafón: 01 - 8314454 nó 074 - 9520558 le linn tréimhse an chúrsa
http://www.arainnmhor.com/colaiste