Cowen agus an Ghaeilge

11ú Aibreán 2008
www.nuacht.com



Is mór an truá é nuair a dhéantar leithcheal i gcoinne pobail.
Agus is mór an truá é nuair atá ábhar dearfach le tuairisciú, ach go mbaintear úsáid as an ábhar dearfach sin ar dhóigh dhiúltach.
Sin mar a mhothaíonn go leor daoine maidir le tuairisciú óráid Brian Cowen, T.D., tar éis a thofa mar uachtarán ar Fhianna Fáil.
Bhí an chéad chuid den óráid i nGaeilge, agus an dara leath i mBéarla.
Aithníodh gur chlúdaigh roinnt de na meáin chumarsáide an chuid i mBéarla amháin, nó nár fhoilsigh siad an leagan Gaeilge.
Ba chóir an rud iomlán a chlúdach, i bhfoirm aistrithe nó mar a bhí sé tugtha ag Cowen.
Bá chóir Cothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa chás seo, mar gheall ar chomh tábachtach is a mheas Cowen é a bheith a chéad óráid a thabhairt i nGaeilge ar dtús, agus teachtaireacht thábhachtach sa mhéid is a dúirt sé ní amháin faoin Ghaeilge, ach faoin Eoraip.
Dúirt sé; 'Is cuid dár gcultúr, dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréaniarracht a dhéanamh chun Gaoluinn a chur chun cinn.'
Agus is tábhachtach aithint go ndúirt sé fosta; 'Sar i bhfad beimid ag plé Chonradh Liospóin agus tá sé de dhualgas orainn teanga bhinn ár sinsear a fhorbairt agus féinaitheantas mhuintir na hÉireann a chothú.'
Is cinnte go bhfuil muidne níos sábháilte in Éirinn anois ó thaobh teanga de mar gheall ar Ghael a bheith i gceannas.
Tá ceisteanna a bhaineann le lá eile mar gheall ar obair an Choiste Rialtais ar an teanga.
Ní mór dúinn fanacht ar cibé croitheadh sa chomhaireacht chun féachaint cad iad na poist a gheobhaidh na Gaeilgeoirí sna páirtithe.
Beidh sé suimiúil féachaint cá dtéann na Gaeil, anois go háirithe agus an teachtaireacht seo a leanas ag Cowen dúinn; 'Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach.'